Na Ceithearna Féin
SCAIPEADH AN SCÉIL
03/06/07 11:50 Rannóg: Feachtais
Is
gnóthach amach iad buíonta na gCeithearn i láthair na
huaire, iad anois ag feidhmiú i ngach cúige sa
tír. Níor cuireadh leis an suíomh seo le seachtain nó
dhó anuas ar an ábhar go raibh an bhéim ar fad ar
obair na gcomharthaí ach seo chugaibh an t-eolas is
deireanaí ar na feachtais agus ar an dul chun
cinn atá déanta ó shin.
Tharraing feachtas na ngreamaitheoirí aird na meán arís eile, é luaite ar BBC Raidió Uladh, Raidió na Life i mBÁC agus Raidió Fáilte i mBéal Feirste. Bíonn buíonta san iarthuaisceart, agus in áiteanna eile, ag baint úsáide as Rónán Beo@3 ar Raidió na Gaeltachta chun an scéal a scaipeadh chomh maith agus is dearfach ar fad an t-aisfhreagra atá faighte againn.
Mar aon leis na meáin chraolta, rinne an ball tionóil de chuid an SDLP ó thuaidh, Dominic Ó Brolcháin, tagairt do na Ceithearna ina cholún seachtainiúil sa Newry Democrat agus scríobh Éamann Mac Mánais alt orainn i nuachtán Shinn Féin, An Phoblacht.
Go raibh maith agaibh uilig.
Ba mhian linn buíochas a ghabháil arís leis na Gaeil sin a cheannaigh greamaitheoirí go dtí seo agus a sheol grianghraif isteach chugainn. Is féidir na cinn is déanaí a fheiceáil anseo. Gan sibh ní bheadh an éifeacht chéanna leis an fheachtas agus muna bhfuil do ghiota déanta agat go fóill, díreach déan teagmháil linn anseo nó gabh chuig an siopa.
NA GAEIL ABÚ!