Na Ceithearna Féin
AG AMHARC SIAR, AG AMHARC CHUN TOSAIGH
03/01/08 16:19 Rannóg: Feachtais
Tá
2008 buailte linn cheana agus tá Na Ceithearna Coille
ag súil go mór leis an bhliain nua amach rómhainn.
Ba bhliain shuntasach í 2007 maidir le gníomhaíocht Ghaeilge nó is féidir a rá go ndearnadh ní ba mhó beart feiceálach ar son na teanga le linn na bliana ná i mbliain ar bith ó bhí na 1980í ann nuair a chaith roinnt laochra tréimhse i bpríosún Mhuinseo, BÁC, mar chuid den fheachtas chun níos mó Gaeilge a fháil ar an teilifís náisiúnta. Bunaíodh stáisiún brádach i gConamara sna blianta céanna. Féach an físeán seo.
Mar is eol daoibh, dhírigh Na Ceithearna isteach ar chomharthaí bóthair nach raibh dátheangach agus cuireadh na mílte greamaitheoir in airde ar chomharthaí aonteangacha ar fud na tíre - sna sé chontae go príomha ach i gceantair go leor ó dheas chomh maith.
Tharraing an feachtas seo aird na meán agus an phobail uile agus tá sé á fhógairt againn ag tús na bliana nua seo go leanfar leis an ghníomh sna míonna amach rómhainn. Nuair is féidir agus cuí, cuirfidh muid ár gcomharthaí féin in airde in áiteanna ó thuaidh ina bhfuil pobal báúil agus cuirfear tuilleadh brú ar údaráis an dlínse, DRD agus an tAire Conor Murphy ach go háirithe, chun an Ghaeilge a dhéanamh go hoifigiúil ar chomharthaí na sé chontae.
Gabhann muid buíochas ó chroí le gach Gael a léirigh tacaíocht agus a chuidigh linn go dtí seo agus tá muid ag súil go mór le tuilleadh tacaíochta in 2008.
Beannachtaí na Féile agus Bliain Úr Faoi Mháise daoibh uile!