Na Ceithearna Féin
SIÚL AR SON ACHTA!
03/06/07 12:12 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Tá
Lá Mór an Achta ag teannadh linn agus tá neart oibre
le déanamh ag Gaeil ar fud na tíre chun cur leis an
fheachtas agus le cur in iúl d'údaráis an tuaiscirt
go bhfuil Acht Gaeilge de dhíth ar phobal na
teanga sna sé chontae.
Ar dtús báire, tagann deireadh leis an dara próiseas comhairliúchán ar an Acht Dé Máirt 5 Meitheamh agus muna bhfuil aighneacht seolta isteach agat chuig an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (DCAL) go fóill, déan láithreach é.
Is leor rphost gairid ag cur in iúl go dtacaíonn tú leis an Acht agus molann Na Ceithearna Coille go luaitear comharthaíocht dhátheangach go sonrach i ngach aighneacht. margaret.okeeffe@dcalni.gov.uk an seoladh agus tá breis eolais ar fáil ag an scátheagras Pobal.
An dara gné, agus rud a bhfuil an-tábhacht leis chomh maith, ná an léirsiú ollmhór a bheas ar siúl i mBéal Feirste Dé Sathairn 9 Meitheamh.
Mar an gcéanna leis an mhórshiúl i mí Feabhra a raibh thart ar 5,000 páirteach ann, beidh Gaeil agus a gcairde ag cruinniú le chéile ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál agus ag siúl go Cearnóg na Scríbhneoirí i lár na cathrach.
Tosaíonn an lá ar 1in agus le ceol beo, bia agus siamsa sráide déanfaidh muid cinnte go mbeidh ceiliúradh Gaelach den scoth ann.
Scaip an scéal, déan fógraí, bí glórach.
Léirigh do chuid tacaíochta ar son Acht na Gaeilge agus siúl leis na mílte i mBéal Feirste Dé Sathairn!