Na Ceithearna Féin
COMHARTHAÍOCHT DE DHÍTH
15/05/07 22:24 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Is
mór an meas atá ag na Ceithearna ar cheannródaithe
sna meáin Ghaeilge, go háirithe iad siúd a thugann
aird ar an obair thábhachtach s'againn féin!
Mar atá luaite againn cheana tá Rónán Mac Aodha Bhuí ag RnaG ina measc sin - nach é a spreagann Gaeil óga na tíre a bheith muiníneach as a dteanga féin! - agus ba mhaith linn anois buíochas a ghabháil le Tomaí Ó Conghaile ag Lá Nua chomh maith.
Is minic a dhéanann Tomaí clúdach ar scéalta a bhaineann lenár gcairde in Alba agus sa Bhreatain Bheag agus cuireann sé scéalta faoi Ghaeil ghníomhacha na hÉireann os comhair an phobail ar bhonn rialta.
D'fhoilsigh sé scéal faoi ráiteas a chuir muid féin amach i ndiaidh an lae stairiúil ag Stormont, Béal Feirste, le déanaí, ráiteas a d'iarr ar bhaill Thionól nua an tuaiscirt beart a dhéanamh ar son na Gaeilge. Chuir muid béim faoi leith ar Conor Murphy, fear a labhair Gaeilge ar an lá agus atá freagrach as comharthaí bóthair na sé chontae.
Idir an dá linn, leanfaidh na Ceithearna Coille ar aghaidh lenár bhfeachtais agus iarrann muid ar dhaoine ar fud na tíre páirt a ghlacadh sna gníomhartha.
Coinnígí súil ar an suíomh i gcónaí mar beidh forbairtí suntasacha, a chuirfidh ar bhur gcumas ról níos lárnaí a imirt sna feachtais, le feiceáil anseo go luath!