Na Ceithearna Féin
CLG GAN GHAEILGE... ARÍS
30/03/08 14:59 Rannóg: Feachtais
“We are a modern, forward thinking association, with huge youth participation and following. But everyone involved in the GAA is also immensely proud of our rich culture and heritage. It’s important for us as an association to embrace the future, but always remain mindful of our past.”NICKEY BRENNAN, UACHTARÁN CLG
Is leis na focail sin a d'fhógair an tUasal Brennan go seolfaí lógó nua CLG ar an mhí seo chugainn. Bheifeá ag súil mar sin go mbeadh an Ghaeilge - teanga a bhí fite fuaite le bunú CLG in 1884 - le feiceáil go soiléir ann. Ach níl.
Is é an leagan Béarla, GAA, atá roghnaithe acu chun na cluichí Gaelacha a chur chun cinn as seo amach. Cén fáth nach mbeadh CLG-GAA, nó fiú GAA-CLG, in úsáid ag an eagras mar bhranda idirnáisiúnta?
Ní hamháin go bhfuil CLG ag loiceadh ar phobal na Gaeilge agus ar bhaill an eagrais, ach tá siad fosta ag sárú Bhunreacht na heagraíochta a leagann síos go gcaithfear an Ghaeilge a chur chun cinn gach deis a bhíonn acu.
Ní féidir linn ligint don easpa samhlaíochta seo - easpa muiníne as an Ghaeilge agus easpa tuisceana ar thábhacht agus ar phobal na Gaeilge - leanúint ar aghaidh i gCumann Lúthchleas Gael.
Déan teagmháil le do chlub áitiúil, bord do chontae agus do chúige agus údaráis Pháirc an Chrócaigh féin chun do mhíshásamh a chur in iúl. Chun cuidiú leat, seo sonraí teagmhála CLG i mBÁC:
+353 1 8363222
queries@gaa.ie
marketing@gaa.ie