Na Ceithearna Féin
NA CEITHEARNA AGUS AN BBC
02/05/07 09:35 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Is
léir go bhfuil rud éigin ceart á dhéanamh againn nó
inné, Dé Luain 1 Bealtaine, rinne Talkback -
clár mór cainte BBC Raidió Uladh i mBéal Feirste -
mír iomlán faoi fheachtas na ngreamaitheoirí.
Dhírigh siad isteach ar an obair atá déanta ag an bhuíon i gceantar an Iúir agus labhair sé leis an Oifigeach Gaeilge atá ag Comhairle an Iúir agus Mhúrna.
Ní raibh cuid de na Ceithearnaí sásta leis an dearcadh diúltach a bhí ag an tuairisceoir ach ba mhaith linn buíochas a ghabháil leis an Oifigeach, Gearóid Mag Uibhrin, as an fhód a sheasamh ar son na Gaeilge.
Feictear dúinn go bhfuil formhór na nGael ag tacú leis an fheachtas agus tá líon suntasach poiblíochta faighte againn le seachtain nó dhó anuas - níos mó poiblíochta ná dream ar bith eile Gaeilge, d'fhéadfá a rá.
Scéal ar an teilifís an chéad sprioc eile?