Na Ceithearna Féin
BRÉAN DE BHIOGÓIDEACHT
08/05/08 12:53 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
De ghnáth is é an tAire
Frith-Chultúir ó thuaidh, Edwin Poots, a bhíonn
i gceist agus biogóideacht in éadan an phobail
Ghaelaigh á lua againn anseo ach tá neart eile
sa DUP a bhfuil an dearcadh diúltach céanna sin
acu.
Ina measc sin tá Peter Weir, ball Stormont don Dún Thuaidh. Agus é ag caint ar an chóras reatha rialtais sna sé chontae, dúirt an tUasal Weir:
"Never during the period of Direct Rule do I recall Irish cultural activists taking to the streets to protest that they weren’t getting enough cash or support from the government. Not only have the DUP trashed the concept of an Irish Language Act but we have also advanced the interests of our own community."
Anois, muna bhfuil biogóideacht ghránna lom i gceist ansin, cad atá ann?
Cad atá á rá ag na páirtithe eile faoi ráitis chiníocha mar seo?
What are other parties doing to combat such racist statements?