Na Ceithearna Féin
NA CEITHEARNA SA NUACHT
25/04/07 00:36 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
D'éirigh leis na réabhlóidithe is úra ar an mbloc - sin muidne, na Ceithearna Coille, dála an scéil! - príomhleathanach nuachtán laethúil na Gaeilge a bhaint amach Dé Máirt 24 Aibreán.
Rinne Lá Nua tagairt chruinn don mhórfheachtas greamaitheoirí atá ar bun againn i láthair na huaire agus luadh ár suíomh snasta chomh maith.
Mar aon leis sin labhair Rónán Mac Aodha Bhuí, laoch RnaG, ar an obair thábhachtach spreagúil s'againn ar Anocht FM.
Ní mór do na Ceithearna Coille buíochas a ghabháil leis an dá fhoinse nuachta seo as poiblíocht a thabhairt dúinn agus ba mhaith linn moladh a thabhairt dóibh as an tuairisciú beacht.
Ní féidir linn an rud céanna a rá faoi chuid de na meáin Bhéarla a bhfuil scéalta cumtha acu faoi fheachtas na ngreamaitheoirí. Is dócha gur trom an t-ualach an leisce s'acu.
Go dtí an chéad uair eile - Bí Gaelach, bí gníomhach, bí feiceálach. Bí linn!