Na Ceithearna Féin
DIÚLTÚ DON ACHT... SPREAGADH DON OBAIR
21/10/07 22:37 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Bhuel, cad é
eile lena raibh muid ag súil?
Tá sé fógartha ag an Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh, Edwin Poots, ar dheis, nach bhfuil sé cinnte de bhuntáistí an Achta Ghaeilge agus nach mbeidh an reachtaíocht á cur i bhfeidhm aige an babhta seo.
Ar na leithscéalta a d'úsáid sé chun a chinneadh claonta a chur i bhfolach - bhí 65% d'fhreagraí an phróisis chomhairliúcháin ar son an Achta! - bhí “costais” agus an dochar a dhéanfadh cothromas teanga do “chaidreamh pobail”.
Is eol do phobal na Gaeilge nach bhfuil sa dá fháth seo ach leithscéalta suaracha agus go bhfuil deis mhór caillte ag an Aire a léiriú don saol mór go bhfuil sé ag obair ar son gach duine i sochaí an tuaiscirt agus go bhfuil sé toilteanach cúl a thabhairt don bhiogóideacht agus an Ghaeilge a aithint mar is ceart.
Tagann cinneadh seo Poots sna sála ar shraith ionsaithe ó pholaiteoirí Aontachtaithe ar an Ghaeilge ina raibh ciníochas frith-Gaeilge le brath go soiléir.
Ina measc sin bhí maíomh Jim Spratt ón DUP go gcaithfear an “piléar Gaelach” a dhíchoimisiúnú, an díspeagadh maslach a rinne Gregory Campbell ón pháirtí céanna ar fhrása Gaeilge agus rún David McNarry ón UUP chun cosc iomlán a chur ar úsáid na Gaeilge sa Tionól cionn is go raibh an teanga “seicteach”, gur “cur amú airgid” a bhí inti agus go raibh séisean “dubh dóite de bheith ag éisteacht léi”.
Maithfear duit é má shíleann tú gur sna meánaoiseanna atá na hAontachtaithe seo go fóill nó is mór an náire agus trua é go bhfuil a leithéid de dhearcadh ciníoch fós beo in 2007.
Ach beo atá sé agus léiríonn sé dúinn arís eile gur gá leanúint leis an dea-obair i gcónaí agus brú a choinneáil ar na údaráis go dtí go dtugtar an stádas ceart cuí dár dteanga.
Tá na Ceithearna Coille réidh don dhúshlán agus tá muid iomlán cinnte go bhfuil mórphobal na Gaeilge réidh chomh maith.