Na Ceithearna Féin
DÚSHLÁIN ROMHAINN ARÍS EILE
15/02/08 16:53 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Is
an-ghnóthach a bhí na Ceithearna le tamall anuas –
ainmníodh muid don bhlag Gaeilge
is fearr! –
agus is an-ghnóthach a bhí pobal na Gaeilge go dtí
seo in 2008.
Bhí caint ann ar dheireadh theacht le Cómhar, tá Lá Nua i mbaol mór (achainí anseo), tá iris nua nós* ag teacht ar an saol go luath, tá pobal an Daingin ag seasamh an fhóid, agus pobal Árainn Mhóir chomh maith, tá cosc ag Aer Lingus ar fhógraí Gaeilge ar eitiltí as Béal Feirste (achainí anseo).
D’fhéadfaí cur leis an liosta sin de scéaltaí móra na Gaeilge ach tá na Gaeil cleachta le dúshláin, agus níl ganntanas dúshlán againn i láthair na huaire. I measc na gceisteanna is tromchúisí a tháinig chun cinn i mbliana tá dearcadh dú-naimhdeach an Aire Chultúir ó thuaidh, Edwin Poots, i leith na Gaeilge.
Ní hamháin go bhfuil sé ag diúltú do mhianta phobal na Gaeilge agus eagraíochtaí ar fud na hEorpa atá ag moladh go gcuirfí Acht Gaeilge i bhfeidhm sna 6 chontae, tá sé i gceist aige deireadh a chur leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge atá i ndiaidh cláracha den chéad scoth a chur ar fáil do TG4, RTÉ agus BBC.
Is léir nach bhfuil athrú ar bith tar éis theacht ar dhearcadh na bpolaiteoirí Aontachtacha ar an chultúr Gaelach agus d’admhaigh an tAire Poots é féin ar an teilifís le déanaí nach bhfuil sé ag iarraidh ‘an Ghaeilge a thabhairt isteach i dTuaisceart na hÉireann’.
Ní fios do na Ceithearna conas atá Aire Rialtais in ann ráiteas chomh claonta seicteach sin a thabhairt go poiblí sa lá atá inniu ann ach tá a fhios againn go leanfaidh na Gaeil ar aghaidh ag cur brú air, agus ar pholaiteoirí eile, cothromas a thabhairt don Ghaeilge i ngach gné den saol.
Sna míonna amach romhainn, beidh NCC ag cur comharthaí dátheangacha bóthair dár gcuid féin in airde in áiteanna ó thuaidh atá ar son na Gaeilge agus molann muid do Ghaeil eile déanamh amhlaidh.