Na Ceithearna Féin
DUL CHUN CINN AR DEIREADH!
22/09/07 13:48 Rannóg: Feachtais
I
ndiaidh beagnach 8 mí de ghníomhaíocht Ghaelach, tá
na chéad torthaí ar fheachtais na gCeithearn
Coille le feiceáil agus é fógartha ag an Aire um
Fhorbairt Réigiúnach sna sé chontae, Conor Murphy, go
ndéanfadh sé a dhícheall polasaí a chur i bhfeidhm a
d'fhágfadh go mbeadh cead ann comharthaí bóthair,
i dteangacha seachas an Béarla, a chur in airde ó
thuaidh.
Tuigtear go raibh an baol ann go raibh Roinn an Aire, DRD, ag iarraidh an reachtaíocht reatha a leasú ionas go mbeidh sé cinnte gur i mBéarla amháin a bheadh aon chomhartha bóthair ach, mar gheall ar bhrú leanúnach ó na Ceithearna agus ó Ghaeil eile, d'fhógair an tAire i dTionól an Tuaiscirt go mbeadh sé anois ag iarraidh leasuithe a dhéanamh chun teangacha eile a chur san áireamh sa reachtaíocht.
Ní fios go fóill cé acu go nglacfar leis na leasuithe cuí nó nach nglacfar ach is féidir le gach Ceithearn, cibé áit a bhfuil siad sa tír, bheith sásta go bhfuil ár gcuid oibre i ndiaidh tiochar a imirt ar Roinn rialtais agus go bhfuil an chéad mhórchéim eile tógtha againn i dtreo comharthaí Gaeilge bóthair ar fud na hÉireann.
Ní gá a lua fosta ar ndóigh gur próiseas fadalach é seo ach go gcoinneofar súil ghéar ar DRD i rith an ama agus go leanfar lenár bhfeachtais go dtí go gcloítear leis an ghealltanas suntasach seo.
Mar a dúirt an té a dúirt, ‘Neart déanta, tuilleadh le déanamh’.