Na Ceithearna Féin
FREAGRA DÁR gCÁINTEOIRÍ
10/11/07 15:38 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Ar
an mallaibh, foilsíodh alt ar An tUltach ag cáineadh
na gCeithearn Coille agus an fheachtais s’againn. Mar
atá ráite againn cheana, fáiltíonn muid i gcónaí
roimh dhíospóireacht ar chur chun cinn na Gaeilge
agus ar na straitéisí éagsúla a bhíonn in úsáid ag na
Ceithearna agus ag eagrais eile teanga.
Dar linn gur litir lochtach a bhí ann agus, ar an ábhar nach raibh ár bhfreagra i gcló go fóill san iris féin, bheartaigh muid ár bhfreagra - agus sleachta míchruinne na litreach - a fhoilsiú anseo ar shuíomh na gCeithearn.
“Tá iarrachtaí á ndéanamh fud fad Chúige Uladh le comharthaí bóthair a dhéanamh dátheangach agus d'eirigh leis an fheachtas i gCeantar an Iúir agus Mhúrna agus i Sleacht Néill i Machaire Rátha agus in áiteanna eile chomh maith.”
Is léir nach dtuigeann an t-údar gur ar chomharthaí bóthair seachas comharthaí sráide nó 'fáilte' atá feachtas na gCeithearn dírithe. Tá comharthaí áirithe dátheangach i roinnt comhairlí áitiúla ó thuaidh ach tá gach comhartha bóthair sa dlínse i mBéarla amháin. Tagann na comharthaí tábhachtacha seo faoi smacht DRD agus níl aon phróiseas oifigiúil ann chun iad a athrú.
Ar a bharr sin, cé go n-aithníonn na Ceithearna go bhfuil fiúntas le comharthaí ‘fáilte’, ní féidir a shéanadh nach bhfuil iontu ach siombalachas agus go mbaineann siad le meon an ‘cúpla focal’, meon atá ag teacht go hiomlán salach ar chuspóir na gCeithearn. Is iad treoir-chomharthaí bóthair atá de dhíth ar Ghaeil an tuaiscirt.
Sínigh an achainí idirlín seo chun iad a éileamh.
“...baineadh geit asam nuair a dúirt duine de mo comharsana liom (fear atá an-ghníomhach i gcúrsaí peile agus iomána) nach síneodh sé rud ar bith go dtí go mbeidh deireadh leis na greamaitheoirí atá, dar leis, ag scriosadh íomhá na Gaeilge agus cibé dea-thoil (más ar éigean í) atá ag an ‘taobh eile’ do cheist na teanga.”
Caithfear Gaeil an bealach chun tosaigh don teanga a threorú seachas bheith ag ligint do dhaoine atá diúltach agus ar nós cuma liom faoin teanga bheith ag deachtú thodhchaí na Gaeilge - is cuma cén creideamh atá acu nó cén spórt is fearr leo.
Cé go bhfuil tábhacht áirithe ag baint le dea-thoil a chothú i measc an phobail uile ar oileán na hÉireann, tá daoine ann a bhíonn ag lorg leithscéalta i gcónaí chun cur i gcoinne na Gaeilge ach más bocht an leithscéal é, is iomaí bealach chun na hargóintí sin a shárú.
“Chomh maith leis sin i gcomhfhreagras a fuair mé ar na mallaibh ón comhairle, dúradh liom gur ábhar mór imní a bhí sna greamaitheoirí céanna agus go mbeadh impleachtaí móra acu maidir leis an fheachtas s’againn féin chun stádas oifigiúil a fháil do na comharthaí bóthair – feachtas a bhfuil muid ag obair air le trí bliana.”
Is léir arís go bhfuil dul amú ar dhaoine áirithe má táthar ag iarraidh ar an chomhairle áitiúil ‘stádas oifigiúil’ a bhronnadh ar na 'comharthaí bóthair'. Is faoi chúram an Aire um Fhorbairt Réigiúnach, Conor Murphy, agus DRD atá comharthaí bóthair an tuaiscirt.
Chomh maith leis sin, nuair a bhíonn naimhde na Gaeilge ag maíomh gur ‘ábhar mór imní’ iad na greamaitheoirí, caithfidh go bhfuil ag éirí leis na gluaiseachtaí úra atá anois ag i mbun chinniúint na Gaeilge agus atá ag iarraidh cothromas a bhaint amach dár dteanga.
“Tá cúpla sampla a léiríonn an dóigh a gcuireann na greamaitheoirí céanna isteach ar dhaoine agus is é an chnámh is mó spáirne atá ann go gclúdaíonn siad eolas tábhachtach, mar shampla, Newry B30; Invalid Carraiges; eolas tábhachtach faoin Alcohol Free Area; tá an comhartha do Hilltown clúdaithe ar fad agus an ceann is measa liom, an iarracht atá déanta An tIúr a spraeáil ar an chomhartha. Tá droch-chuma air agus ní chuidíonn sé le ceist na Gaeilge.”
Tá an ceart ag an údar gur chóir go mbeadh eolas tábhachtach le feiceáil ar chomharthaí na sé chontae - sin díreach an chúis a bhfuil na Ceithearna ag éileamh go mbeadh an chomharthaíocht uilig go léir AS GAEILGE ANOIS, chomh maith leis an Bhéarla.
Tá prionsabal ag na Ceithearna nach gcuirtear greamaitheoirí in airde ach in áiteanna atá ar son na Gaeilge agus déanann muid gach iarracht chomh maith gan an Béarla a chlúdach go hiomlán ar na comharthaí.
Ní bhfuair muid ach moltaí ón phobal áitiúil maidir leis an Ghaeilge - an fhírinne - a chur ar chomharthaí bóthair sna háiteanna thuas luaite agus dar linn gur iontach amach an croí agus an misneach a bhí ag Ceithearnaí Ard Mhacha Theas chun ‘An tIúr’ a chur ar chomharthaí an cheantair.
“Cuir i gcomparáid é leis an dóigh phroifisiúnta a ndeachaigh Pobal i mbun oibre maidir le hAcht na Gaeilge – difear an domhain idir an dá chur chuige.”
Tacaíonn na Ceithearna go hiomlán le moltaí POBAL maidir leis an Acht Gaeilge don tuaisceart ach níor éirigh leis an fheachtas sin go dtí seo agus níl comharthaí bóthair clúdaithe faoin reachtaíocht. Is í sin an chúis a ndeachaigh muid i mbun oibre an chéad lá agus a bhfuil muid i dteagmháil leis an Roinn um Fhorbairt Réigiúnach, agus ag iarraidh tionchar a imirt orthu, ó shin.
Is léir ó thaithí ár gcairde sa Bhreatain Bheag agus in Alba go bhfuil tábhacht leis an dá chur chuige - an
próiseas foirimiúil dlí agus gníomh síochánta ar an talamh. Tá comharthaíocht dhátheangach ar fud na Breataine Bige inniu mar shampla toisc go ndeachnaigh siad i bhfeidhm ar na húdaráis trí na seanchomharthaí Béarla a scrios, sin bun agus barr an scéil.
“Glactar leis nó ná glactar leis, ní bhfaighidh an Ghaeilge an t-aitheantas atá tuilte aici mura gcothaítear dea-thoil leis an ‘taobh eile’.”
Bheadh sé go deas i ndomhan foirfe dá mbeadh gach duine sa tsochaí seo ag tacú leis an Ghaeilge ach ní amhlaidh an scéal go fóill. Tá na Ceithearna bródúil dearfach as ár dteanga agus dar linn nár cheart go mbeadh orainn cead a iarraidh ó dhuine ar bith le bheith inár nGaeil. Tá an creideamh lag sin fágtha inár ndiaidh agus i ndáiríre is beag Gael óg anois a chreideann san idé-eolaíocht sin.
“Níl mé a mhaíomh gur chóir dúinn sodar i ndiaidh na n-uasal ach tá dóigheanna níos fearr ná loitiméireacht chun é a dhéanamh.”
Tá sé follasach ó shuíomh na gCeithearn nach loitiméireacht atá ar bun againn. Ní hamháin go bhfuil an Béarla fós le léamh ar fhormhór na gcomharthaí a bhfuil greamaitheoirí orthu ach tá tús curtha againn le feachtas nua ina bhfuil leagan Gaeilge na logainmneacha a chur in airde againn. Ní chuirfidh na greamaitheoirí seo isteach ar dhuine ar bith seachas orthu sin a bhfuil fadhb acu leis an teanga féin.
Tá dúshraith láidir faoinár bhfeachtas agus leanfar leis go dtí go dtugtar aitheantas ceart don Ghaeilge ar chomharthaí ar fud na hÉireann.