Na Ceithearna Féin
CIÚNAS CLG FAOIN ACHT GAEILGE
16/01/08 22:12 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Is
eol do lucht tacaíochta NCC go mbíonn muid ag obair
ar son cothromais idir
cultúir éagsúla an oileáin seo
agus go dtacaíonn muid leis na hiarrachtaí a dhéantar
tuigbheáil níos fearr a chothú ar éagsúlacht reatha
na hÉireann.
Is í sin an chúis a chuireann muid fáilte roimh chinneadh Aire DCAL, Edwin Poots, freastal a dhéanamh ar chluiche peile ar an Iúr, oíche Dé Céadaoin. Is céim chun tosaigh í seo gan aon agó ach ba mhian leis na Ceithearna ceist a chur ar oifigigh CLG a bhí i láthair ag an ócáid - ar fhiafraigh sibh fiú den Aire Poots cad é a bhí ar bun aige maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna sé chontae?
Tá an tAire i ndiaidh diúltú don Acht Gaeilge, tá sé i gceist aige deireadh a chur leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge agus tá masla i ndiaidh masla tugtha ag baill a pháirtí don teanga dhúchasach seo. Ar chuir Nickey Brennan, Uachtarán CLG, nó Liam Mulvihill, Cathaoirleach nua Fhoras na Gaeilge, brú nó ceist ar bith air faoin seasamh seicteach atá aige i leith na Gaeilge?
Ag amharc ar an ábhar Béarla atá ar shuíomh idirlín CLG, is beag an baol.
Iarrann NCC ar CLG cloí le bunreacht na heagraíochta agus tacaíocht iomlán a thabhairt don Ghaeilge, agus do phobal a labhartha, go háirithe iad sin ó thuaidh atá ag snámh in aghaidh eas na nAontachtach.