Na Ceithearna Féin
‘ÓGSTÁISIÚN’ RAIDIÓ!
11/11/07 23:23 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Bhí na
Ceithearna ar an eolas faoin fheachtas ar son
stáisiúin raidió chun freastal ar Ghaeil óga
na tíre - pléadh an moladh ag
Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart an
tseachtain seo caite - ach níor thuig muid go
rabhthas i mbun gníomhaíochta ar an cheist.
Agus nach sásta a bhí muid nuair a chuir Ceithearn as Baile Átha Cliath ar an eolas sinn faoi graffiti nua atá le feiceáil i ndeisceart na príomhchathrach, é ag éileamh go mbunfaí “Ógstáisiún Anois”.
Tá eagrais ar nós Chonradh na Gaeilge agus Na Gaeil Óga ag moladh a leithéide le tamall anuas agus is mithid go bhfuil an coincheap á chur i mbéal phobal na Gaeilge, agus na n-údarás, arís eile.
Tá seirbhísí áirithe á gcur ar fáil ag Anocht FM, Raidió na Life, Ráidió Fáilte agus Blas Raidió Uladh ach is cinnte go bhfuil stáisiún iomlán ag teastáil ó aos óg na Gaeilge - stáisiún nua-aoiseach tarraingteach gnéasúil, le béim ar shaol úr na teanga agus le cur chuige a mheallfadh daoine ina threo/.
Go raibh gach rath ar an fheachtas!