Na Ceithearna Féin
MOLADH DO MISNEACH
07/05/07 23:28 Rannóg: Ar an taobh
Tá
aird go leor tarraingthe ag na feachtais atá ar bun
ag na Ceithearna Coille ar fud na tíre – bíonn
tuilleadh le déanamh i rith an ama – ach ní bheadh
aon rud fiú tosaithe againn gan obair na ndaoine a
chuaigh romhainn.
Sular tháinig muidne amach as coillte na hÉireann arís bhí buíon tábhachtach eile ann, Misneach.
Bunaithe sna 1960í, ba laochra agus físithe iad baill Misneach a bhí den bharúil go raibh eagraíochtaí Gaeilge a linne ‘ceannaithe ag an mheasarthacht’.
Síleann na Ceithearna Coille go bhfuil an baol ann go bhfuil an scéal mar an gcéanna sa lá atá inniu ann.
Cuireann muid fáilte roimh mhaoiniú agus roimh eagraíochtaí maoinithe ach mar gheall ar chultúr reatha seo an deontais tá ‘gluaiseacht” na Gaeilge’ ar na gluaiseachtaí teanga is measartha agus is coimeádaí ar domhan.
“Ba réabhlóid go smior é an teanga Bhreatnach a thabhairt ar ais sa mBreatain Bheag. Ar mhodhanna réabhlóide agus orthu sin amháin a bheas aon rath.”
Saunders Lewis a dúirt an ráiteas sin sa bhliain 1962, ráiteas a aithníonn nach féidir mórán a bhaint amach má bhítear ag brath ar an earnáil bhunaithe amháin.
Is cinnte go bhfuil an-obair á déanamh ag eagrais fhoirmeálta ach tá ról le himirt ag an dá chur chuige.
Má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá, tá an baol ann go bhfaighfidh an Ghaeilge, agus an cultúr ar fad dlúthcheangailte léi, bás.
Tá gníomhaíocht áitiúil de dhíth, tá obair ar an talamh ag teastáil.
Sin an chúis leis na Ceithearna Coille.
Tá an chaint ar fad déanta, tá na hailt uile scríofa, níl cruinniú ar bith eile de dhíth – déan gníomh díreach síochánta anois.
Bí linn.