Na Ceithearna Féin
AR AN BHÓTHAR
20/04/07 02:27 Rannóg: Feachtais
Tá na Ceithearna Coille ar ais ar an
bhóthar.
I ndiaidh na blianta fada a chaitheamh ag fanacht go ciúin foighneach ar thaobh sléibhe agus ag bun gleanna, ar chúl éastáit títhíochta agus ar chlaí carrchlois, tá seabhaic na ndaoine ar ais arís chun teachtaireacht na nGael a scaipeadh go fairsing forleathan, go feiceálach fiannach.
Tá sé mar aidhm ag na Ceithearna Coille láithreacht na Gaeilge a ardú ar fud na hÉireann agus a chur in iúl don saol Fódlach go bhfuil teanga dhúchais na tíre beo, beathach agus bocléimneach.
Tá sé de sprioc againn chomh maith a chur i gcuimhne do bhunaíocht na Gaeilge nach féidir luí siar ar an obair thábhachtach atá romhainn mar phobal.
Is eol do na 100,000í cainteoirí atá againn go bhfuil spraoi agus spiorad inár dteanga ach is rí-annamh a thugann na meáin Bhéarla aird ar bith uirthi, nó ar na daoine a labhraíonn í.
Ba mhaith linn sin a athrú.
Cuireann na Ceithearna Coille fáilte mhór roimh - agus baineann muid an-sult agus tairbhe as - éagsúlacht shochaí chomhaimseartha na hÉireann ach feictear dúinn nach bhfuil comhionannas leis an Bhéarla bainte amach ag an Ghaeilge go fóill.
Ba mhaith linn sin a athrú chomh maith.
Tacaíonn muid go láidir le gach eagras atá ag obair ar son na teanga, Na Gaeil Óga ina measc, agus molann muid do gach Gael a ghníomh féin a dhéanamh ar son na todhchaí.
Cad é faoi ghníomhartha reatha s'againn mar sin?
Ar na tosaíochtaí atá ag na Ceithearna Coille faoi láthair tá feachtas greamaitheoirí chun comharthaí cearta dátheangacha a fháil sna 26 contae agus comharthaíocht Gaeilge/Béarla a chur in airde in áiteanna Gaelacha sna 6 chontae. Leantar leis an pholasaí seo go dtí go gcomhlíontar éileamh ionannais phobal na Gaeilge.
Iarrann muid chomh maith ar gach gnólacht atá ag feidhmiú i gceantar Gaeltachta seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil láithreach. Tá roinnt feachtas feiceálach eile beartaithe againn agus cuirfear an t-eolas amach de réir a chéile.
Mar sin, lean ár n-aistear, cuidigh linn ar an bhealach, ardaigh do ghuth (agus do ghreamaitheoir!) ar son do theanga.
As Gaeilge Anois!