Na Ceithearna Féin
ACHT GAEILGE UAINN!
23/04/07 00:19 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Tá
na Ceithearna Coille ag leanúint lena
bhfeachtas chun láithreach na Gaeilge a ardú i ngach
gné de shaol na hÉireann, agus is féidir linn a rá
gur craic mhaith atá ann a bheith ar ais i mbun
aicsin!
Tháinig buíonta i lár Uladh agus i dtuaisceart na Mumhan amach as na coillte thar an deireadh seachtaine chun spraoi Gaelach a bheith acu agus rinneadh breis oibre ar son ár dteanga i mBaile Átha Cliath chomh maith.
Mar chúlra d'fheachtas na ngreamaitheoirí ar ndóigh tá éileamh an phobail thuaidh Acht Gaeilge a reachtú láithreach bonn sna 6 chontae.
Cé nach bhfuil sé go hiomlán foirfe, tá an Ghaeilge cosanta ag Acht na dTeangacha Oifigiúla ag Teach Laighean agus tá Acht Gàidhlig i bhfeidhm in Alba.
Is iad cainteoirí an tuaiscirt an t-aon ghrúpa Gael sna hoileáin seo nach bhfuil aitheantas mar is ceart acu i reachtaíocht.
Chuir sé díoma ar na Ceithearna Coille nuair a mheas an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta (DCAL) i mBéal Feirste, i ndiaidh dóibh próiseas comhairliúcháin a eagrú ar an reachtaíocht, nach leor 93% d'fhreagraí ar son an Achta leis an Acht a chur i bhfeidhm ach ag an am céanna spreagadh muid chun iarracht níos mó a dhéanamh don dara próiseas, a chríochnaíonn ar 5 Meitheamh.
Beidh eolas anseo ar ball maidir le haighneachtaí a chur isteach chuig an Roinn ach, mar shiamsa idir an dá linn, is féidir roinnt freagraí ón chéad phróiseas a léamh ar shuíomh DCAL.
Acht Gaeilge Anois!