Na Ceithearna Féin
RYANAIR DUBH IN ÉADAN NA GAEILGE
28/03/08 14:03 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Tá
a fhios againn ar fad gur dhiúltaigh aerlíne
náisiúnta na hÉireann,
Aer Lingus, Gaeilge a
chur ar fhógraí eitiltí isteach agus amach as Béal
Feirste. Bhí scéal ag Lá Nua le déanaí fosta go
bhfuil
Continental Airlines SAM anois ag
machnamh faoi fhógra fáilte a dhéanamh i nGaeilge ar
a gcuid seirbhísí go hAerfort Bhaile Átha Cliath agus
Aerfort na Sionna.
Bhuel, a
bhuí arís leis an Ghael Meiriceánach Daithí Mac
Lochlainn, tá sé tagtha chun solais go bhfuil
barúil ar leith ag ceannasaí Ryanair, Michael
O'Leary, faoin Ghaeilge chomh maith. I litir a
sheol sé chuig Daithí, léiríonn an fear gnó go
bhfuil sé go hiomlán i gcoinne úsáid na Gaeilge
ar eitiltí Ryanair nó comhlachtaí eile.
Ní hamháin go gcuireann sé a thuairim in iúl ar bhealach sotalach aineolach, tugann sé le fios chomh maith go bhfuil an ceart ag Aer Lingus gan Gaeilge a úsáid ar eitiltí as Béal Feirste agus nach fiú am a chur amú ag plé leis an teanga.
Táthar ag caint anois ar bhaghcat a dhéanamh ar Ryanair. Muna féidir leat sin a dhéanamh, déan cinnte go mbíonn greamaitheoir Gaeilge leat an chéad uair eile agus tú ag eitilt leis an bhoc seo O'Leary.