Na Ceithearna Féin
SUNDAY TRIBUNE & RTÉ RAIDIÓ 1
18/07/07 23:33 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Le
dhá mhí anuas tá breis agus 2,000
greamaitheoir tar éis a bheith curtha suas ar fud na
tíre. Tá an mhórchuid acu i sé chontae an tuaiscirt
ach tá obair na mbuíonta le feiceáil anois chomh
maith i Muineachán, Lú, Dún na nGall, An Cabhán,
Gaillimh, Cill Dara agus Baile Átha Cliath.
Cuirfear tuilleadh greamaitheoirí in airde sna míonna amach romhainn agus más mian le duine ar bith páirt a ghlacadh sna feachtais gabh i dteagmháil linn ar rphost nó tríd an suíomh. Iarrann muid fosta ar aon duine a bhfuil grianghraif aige/aici d'obair na gCeithearn áit ar bith sa tír, iarrann muid oraibh na pictiúirí a sheoladh isteach chugainn ionas go mbeidh an saol mór ar an eolas faoin dul chun cinn.
Ar eagla gur chaill sibh é, d'éirigh leis na Ceithearna aird mheáin Bhéarla Bhaile Átha Cliath a tharraingt ag an deireadh seachtaine nuair a bhí alt sa Sunday Tribune faoi fheachtas na ngreamaitheoirí. Bhí an scéal cothrom go leor - cé gur tugadh fans orainn agus go bhfuil cuid againn níos óige ná a chéile! - agus is mór an t-aisfhreagra atá faighte againn dá bharr.
Agus ar bharr na poiblíochta sin, inniu - 18 Iúil - chuir RTÉ Raidió 1 suim inár bhfeachtas agus labhair duine de na Ceithearna go cumasach ar an stáisiún. Cé gur chuir an láithreoir, Aonghus Mac an Fhailí, ceisteanna crua air, sheas an Ceithearn an fód agus thug freagraí cuimsitheacha ar gach ceist.
Ar an ábhar sin, agus an phoiblíocht seo á tarraingt againn arís, ní mór do Cheithearna - go háirithe iad sin atá ag feidhmiú ó thuaidh - a bheith airdeallach i gcónaí nó, mar atá a fhios agaibh, tá eilimintí aineolacha amuigh ansin a chuirfidh in éadan ár bhfeachtas tábhachtach.
Go dtí an chéad uair eile, coinnígí lasta í!