Na Ceithearna Féin
NÍL AN DARA SUÍ SA BHUAILE AGAT!
16/08/07 21:05 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Is
eol dúinn anois go mbeidh polaiteoirí Aontachtacha an
tuaiscirt ag cloí lena seasamh biogóideach
frithGhaeilge agus é fógartha go hoifigiúil ag an
DUP go gcuirfidh sé go láidir i gcoinne Acht na
Gaeilge.
Tá an tuairim ann go bhfuil a chos féin scaoilte ag ceannasaí an pháirtí dá bharr ach go fóill féin is léir gur troid níos géire arís atá roimh phobal Gaeilge na sé chontae má táthar chun an reachtaíocht thábhachtach seo a bhaint amach.
Ciníochas lom atá taobh thiar den diúltú seo ar ndóigh agus é ráite ag ball eile an DUP níos luaithe an tseachtain seo go bhfuil comharthaí Gaeilge ‘uafásach’. Léigh an scéal anseo.
Is trua mór é go bhfuil a leithéid de dhearcadh beo fós sa bhliain 2007 ach ní chuirfear aon ráiteas ciníoch isteach ná amach ar ghníomhaithe na Gaeilge.
Is léir dúinn ar fad faoin am seo go bhfuil sé riachtanach dea-shampla ár gcairde Breatnacha a leanúint agus GNÍOMH DÍREACH SÍOCHÁNTA a dhéanamh ar son ár dteanga. Tá easumhlaíocht shibhialta de dhíth láithreach i measc ár n-eagras éagsúil.
Féadann muid leid a thabhairt ó aos óg na Breataine Bige - atá ag léiriú an bhealaigh i rith an ama - agus dul chun cinn suntasach a dhéanamh sa streachtailt chultúrtha seo.
Ná fánaimís ar rialtas nó ar pholaiteoirí - caithfidh lucht labhartha na Gaeilge smacht a ghlacadh ar an todhchaí agus freagracht as slánú na Gaeilge a ghlacadh orainn féin.
Cad é is féidir LEATSA a dhéanamh inniu mar sin?
• Muna bhfuil Gaeilge ar na comharthaí bóithre i do cheantar féin, cuir ansin í. Faigh greamaitheoir nó déan stionsal. Más ó thuaidh atá tú is í an chlófhoireann seo a bheidh de dhíth ort.
• Cuir greamaitheoir ar gach comhartha oifigiúil nach bhfuil dátheangach.
• Tosaigh feachtas ar do shráid nó do bhóthar féin chun comharthaí Gaeilge a chur in airde.
• Úsáid an fíorleagan Gaeilge de d'ainm agus fág an leagan Galldaithe i do dhiaidh.
Sin agaibh é ó bhéal na gCeithearn - Bí Gaelach, Bí Gníomhach!