Na Ceithearna Féin
ACHAINÍ AR LÍNE!
04/08/07 11:34 Rannóg: Feachtais
Bhain muid príomhleathanach Lá Nua amach Dé hAoine 3 Lúnasa agus scéal ag an nuachtán faoin bhóthar nua idir An tIúr agus Dún Dealgan a osclaíodh an tseachtain seo. In ainneoin go bhfuil pobal suntasach Gaeilge ina chónaí in Ard Mhacha Theas níor thapaigh údaráis an tuaiscirt an deis seo a aithint agus, mar is gnáth, cuireadh comharthaí atá i mBéarla amháin in airde ar an bhóthar.
Sheol na Ceithearna litir chuig an Aire um Fhorbairt Réigiúnach, Conor Murphy, ag fiafraí dó an mbeadh sé in ann fiosrú a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le comharthaí dátheangacha Gaeilge/Béarla a chur in airde i gceantair ó thuaidh atá ar son na teanga ach, ar an drochuair, níl aon fhreagra faighte ar ais againn go fóill...
Agus, ar an ábhar seo, tá an pobal níos leithne anois ag cuidiú leis an fheachtas nó tá achainí idirlín tosaithe ag cara na gCeithearn, Séamas Mhac Mhurfaidh. Éilíonn an achainí ar an Aire Murphy (gan gaol ar bith aige le Séamas!) comharthaí dátheangacha a chrochadh in áiteanna sa tuaisceart atá ag iarraidh a leithéide agus iarrann muidne ar gach duine an achainí thábhachtach seo a shíniú.
Ina measc sin atá ag cáineadh obair na gCeithearn le tamall anuas tá Kenny Donaldson, ball den UUP as Crois Mhic Lionnáin, ceantar a bhfuil buíon an-ghníomhach ag na Ceithearna. Tá sé molta fosta ag an Uasal Donaldson do na húdaráis an dlí a chur ar an dream atá taobh thiar den fheachtas.
Tá a fhios againn mar sin nach mór a bheith airdeallach, ach tá a fhios againn fosta go gcaithfear gníomhú ar son an ionannais!