Na Ceithearna Féin
TÁBHACHT ÁR LOGAINMNEACHA
01/05/07 00:31 Rannóg: Feachtais
Cuireadh ceist
ar Cheithearn áirithe le déanaí cén fáth a bhfuil
muid ag díriú isteach ar chomharthaí bóthair agus ar
fhógraí comhcosúla.
Seo thíos an freagra a thug sé - dála gach Ceithearn mhaith bhí peann agus páipéar leis ag an am agus bhreac sé síos cúpla pointe agus é i mbun cainte!
Is ón Ghaeilge a thagann 95% de logainmneacha na hÉireann. Níl sna leaganacha Béarla ach leaganacha truaillithe den bhunteanga agus níorbh fhada ó bhí na leaganacha cearta sin ar eolas go forleathan ar fud na tíre. Go dearbh tá siad beo ar fad ach ní thugann na húdaráis an t-aitheantas cuí dóibh.
Thabharfadh comharthaí iomlána dátheangacha stádas cuí don Ghaeilge. Agus ní comharthaí le cló éagsúil ag an dá theanga ach comharthaí a chuireann in iúl go bhfuil comhionannas ann idir an Ghaeilge agus an Béarla.
Rud eile a deir na Ceithearna ná go gcuireann na hainmneacha Gaelacha eolas ar fáil do chainteoirí Gaeilge, eolas nach bhfuil le fáil sna leaganacha truaillithe. Ní ciallaíonn ‘Londonderry’ nó ‘Derry’ faic ach tuigeann gach Gael an focal ‘Doire’.
Is maith le turasóirí dúchas úr a bhlaiseadh agus iad i dtír dhifriúil agus thabharfadh comharthaí Gaeilge an deis sin dóibh.
Sna 26 chontae sáraíonn ganntanas chomharthaí dátheangacha Bunreacht na hÉireann agus tugann droch-chomharthaí bóthair agus easpa comharthaí Gaeilge masla do phobal na teanga agus dá hoidhreacht fhada shaibhir.
Sna 6 chontae is beag comhartha Gaeilge atá ann in aon chor, sin in ainneoin go bhfuil na mílte Gael ag éileamh a gcearta le fada an lá. Ní mór deireadh a chur leis an leithcheal teanga seo láithreach.
Is i gceantair atá fabhrach don Ghaeilge a bhíonn na Ceithearna Coille i mbun oibre agus tá tacaíocht nach beag faighte againn go dtí seo. Ní chuirfidh ár ngníomhartha isteach ar aon duine atá ar son an ilchultúrthais agus an ionannais teanga agus tabharfaidh sé le fios don saol mór go bhfuil Gaeil toilteanach, agus in ann, beart a dhéanamh ar son ár dteanga.
Bí i do Cheithearn. Bí linn.