Na Ceithearna Féin
LEITHSCÉALTA DRD
02/09/07 15:04 Rannóg: Feachtais
Mar a
tuairscíodh ar na
mallaibh tá litir faighte ag Na Ceithearna
Coille ón Roinn um Fhorbairt Réigiúnach (DRD) ó
thuaidh a thugann le fios nach bhfuil sé i
gceist acu comharthaí dátheangacha a chur in
airde ar bhóthair na sé chontae.
I measc na leithscéalta atá acu deir siad go gcosnódh comharthaíocht dhátheangach 30-40% ní ba mhó ná comharthaíocht aonteangach, cé go bhfuil sé seo séanta ag lucht déanta na gcomharthaí féin.
Ní hamháin sin ach caithfear an cheist a chur fosta - cad é mar is féidir le húdaráis na hAlban (féach anseo) agus na Breataine Bige íoc as comharthaíocht iomlán dhátheangach ina ndlínsí féin ach nach féidir le húdaráis an tuaiscirt?
Thíos tá roinnt moltaí atá ag na Ceithearna chun na costais éagsúla a laghdú agus a choinneáil réasúnta.
Is léir ar an iomlán go bhfuil leithscéal gan bhunús á chur le chéile ag DRD chun an bunleagan ceart de logainmneacha na tíre a choinneáil ónár gcomharthaí bóthair, rud ar leithcheal lom i gcoinne na Gaeilge é. Agus tá Aire na Roinne féin go fóill ina thost faoin cheist - tá sé thar am aige a chur in iúl cé acu an bhfuil sé i bhfách le cothromas a thabhairt don Ghaeilge nó nach bhfuil.
Ar a laghad, ní inár dtost atá na Gaeil áfach agus tá an achainí ar son comharthaí dátheangacha sínithe ag na ceadtaí againn cheana féin. Ar aghaidh linn!
MOLTAÍ NA gCEITHEARN DO CHOMHARTHAÍ DÁTHEANGACHA BÓTHAIR
• Ní gá gach comhartha a athrú thar oíche - is féidir iad a athrú de réir a chéile nuair a bheadh siad a athnuachan ar scor ar bith. Sa dóigh seo is beag costas breise a bheadh i gceist le cur in airde na gcomharthaí nua.
• Níl pobal na Gaeilge ag iarraidh comharthaíocht dhátheangach a chur i gceantair nach mbeadh fáilte roimpi. Molann na Ceithearna gur féidir le comhairleoirí áitiúla an cheist a réiteach ar bhonn na mbardaí toghcháin nó go n-éagrófaí reifrinn aitiúla más gá.