Na Ceithearna Féin
‘THE ISSUE IS NOT ONE OF COST, BUT OF POLITICAL WILL’
06/09/07 21:36 Rannóg: Cúrsaí
Reatha
Léiríonn
scéal ar
phríomhleathanach Lá Nua an lae inniu go
bhfuil - mar a mhínigh
na
Ceithearna roimhe seo - cuma bhréagach ar an méid
a bhí le rá ag an Roinn um Fhorbairt Réigiúnach
(DRD) ó thuaidh maidir le costas na gcomharthaí
dátheangacha.
Tugann an t-iriseoir Colm Ó Broin - lena ngabhann na Ceithearna buíochas as an cheist seo a fhiosrú go beacht - tugann sé le fios go bhfuil sé “ráite ag údarás bóithre na hAlban, Transport Scotland, go bhfuil costas breise imeallach ag baint le comharthaí dátheangacha” sa tír sin.
Dúirt an t-urlabhraí ó Transport Scotland go mbeadh an difear costais idir comharthaí dátheangacha agus comharthaí aonteangacha níos lú ná 10-20%, cé gur mhaígh DRD sna sé chontae go mbeadh an praghas suas le 40% sa bhreis ar chostas na gcomharthaí aonteangacha!
Thug an tAlbanach le fios chomh maith gur cuireadh an polasaí dátheangach atá i réim sna hoileáin agus sna Garbhchríocha i bhfeidhm de bharr go raibh “iarratais á bhfáil acu arís is arís eile” do chomharthaí dátheangacha.
Is léir don dall go bhfuil fianaise na hAlban ag teacht go hiomlán salach ar na leithscéalta suaracha lena bhfuil DRD ag cloí i láthair na huaire agus de réir mar a thagann an fhírinne chun cinn ní bheidh an dara rogha acu sa deireadh ach aitheantas ceart a thabhairt do logainmeacha ár dtíre.
Mar atá ráite thuas, the issue is not one of cost, it is one of political will.
Ach cé a thug
an ráiteas cruinn sin dar leat?
Cé eile acu an tAire um Fhorbairt Réigiúnach, Conor Murphy, agus é ag labhairt ar chomharthaí dátheangacha turasóireachta a bhí le cur in airde in Ard Mhacha Theas i Feabhra 2001.
Bhí an tUasal Murphy, ar dheis, ag iarraidh ar Aire na Roinne ag an am, an tUasal Gregory Campbell, gníomh a dhéanamh ar an cheist.
“The Good Friday Agreement makes clear the obligations in promoting the Irish language and the ministerial code of conduct also commits Gregory Campbell to removing obstacles in the use of Irish. The issue is not one of cost, it is one of political will. Clearly Mr Campbell does not want to treat the Irish language community as equals and clearly he is prepared to mislead the Assembly to get his point home.”
Níl athrú intinne i ndiaidh teacht ar an Uasal Murphy ó bhí 2001 ann, an bhfuil?