Na Ceithearna Féin
AN CHÉAD CHÉIM EILE!
28/10/07 20:42 Rannóg: Feachtais
Léiríonn na
grianghraif seo an chéad chéim eile i
bhfeachtais na gCeithearn chun comharthaí Gaeilge
bóthair a chur in airde ar fud na hÉireann - muna
bhfuil na húdaráis sásta iad a chrochadh, déanfaidh
muidne é!
I ndiaidh gur éirigh le feachtas na ngreamaitheoirí 'AS GAEILGE ANOIS' aird an phobail a tharraingt ar easpa na gcomharthaí Gaeilge, go háirithe sa tuaisceart, shocraigh na Ceithearna céim níos faide a ghlacadh agus an leagan Gaeilge de logainmneacha a chur ar chomharthaí áirithe aonteangacha.
Le tamall anuas tá argóintí á gcur chun cinn acu sin atá in éadan greamaitheoirí Gaeilge agus comharthaí dátheangacha go gcruthaíonn siad 'deacrachtaí' do thiománaithe - argóint atá gan aon bhunús mar a mhíníonn an taighde oifigiúil seo - agus gur i mbun loitiméireachta atá na Ceithearna is iad ag crochadh greamaitheoirí.
Séanann muid na hargóintí éadroma seo ach chun cur go dearfach leis an díospóireacht agus leis na háitimh seo a chur ar ceal, cuirfear greamaitheoirí úrnua in airde ar a bhfuil leaganacha cearta Gaeilge de logainmneacha éagsúla. Ag an phointe seo is iad na logainmneacha gairide - An tIúr, Doire srl - na cinn is oiriúnaí ach leathnófar na comharthaí de réir a chéile.
Má tá fadhb ag aon duine leis na greamaitheoirí nua seo, is í an teanga féin cúis na faidhbe s'acu agus ní cúrsaí loitiméireachta ná sábháilteachta.
Ar aghaidh linn arís!