Na Ceithearna Féin
BAGAIRT DHLÍ AR NA CEITHEARNA COILLE!
18/06/07 23:26 Rannóg: Feachtais
| Cúrsaí
Reatha
Shiúil siad
agus scairt siad, bhí siad glórach agus Gaelach, agus
ba mhór an onóir do na Ceithearna a bheith ina measc.
Sin mar a bhí mórshiúl Acht na Gaeilge i mBéal Feirste, Dé Sathairn 9 Meitheamh, agus na mílte amuigh ar shráideanna na cathrach chun a dtacaíocht a chur in iúl agus sult a bhaint as an aimsir shamhraidh.
Chinntigh an mórshiúl, mar aon leis an 11,000 aighneacht a seoladh isteach chuig an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó thuaidh le linn an dara próiseas comhairliúcháin, go bhfuil a fhios ag údaráis an tuaiscirt go bhfuil pobal na Gaeilge aontaithe agus ag éileamh an Achta thábhachtaigh seo do na sé chontae.
Ní stadfaidh muid go dtí go mbeidh aitheantas mar is ceart ag Gaeil ar fud oileán na hÉireann.
Mar is eol daoibh, tá aird na meán Béarla ar fheachtas an Achta le tamall anuas agus tá obair na gCeithearn san áireamh ansin chomh maith.
Is iomaí scéal a bhí ag Newsletter Bhéal Feirste ar an fheachtas, go háirithe faoin obair atá ag dul ar aghaidh i gceantar an Iúir, agus ba é atá taobh thiar den éileamh go gcuirfear an DLÍ ar na Ceithearna.
Agus tá sé ráite anois ag an Roinn Forbartha Réigiúnda sa tuaisceart go bhfuil siad sa tóir orthu sin atá ag cur greamaitheoirí Gaeilge in airde.
Bhí a fhios ag na Ceithearna Coille, agus ag gach duine a ghlac páirt san fheachtas go dtí seo, go ndéanfaí iarracht cur isteach ar obair na ngreamaitheoirí agus cuireann muid fáilte roimh an díospóireacht.
Creideann muid go fóill go bhfuil seasamh uasal á dhéanamh againn agus is mór an spreagadh é dúinn chun an stádas cuí a bhaint amach do logaimneacha Gaeilge i gceantair atá ar son na teanga.
Tá baill na gCeithearna Coille níos díograisí, níos curamaí agus níos cinnte - cuirfear leis an fheachtas i gcónaí.
Gabhann muid buíochas le gach duine a raibh ról gníomhach acu go dtí seo agus beidh sibh in ann na forbairtí is deireanaí a fheiceáil anseo, nó tuilleadh greamaitheoirí a cheannach sa siopa.
Bí Gaelach, bí gníomhach, bí feiceálach. Bí linn!