Na Ceithearna Féin
LEATHNÚ NA gCEITHEARN & GREAMAITHEOIR ÚRNUA
24/10/07 18:22 Rannóg: Feachtais
Agus obair ar
bun i gcónaí i gCúige Uladh - is ann ar ndóigh
atá an dúshlán is mó roimh úsáid na Gaeilge sa
ghnáthshaol - tá an-dul chun cinn déanta chomh maith
ag na Ceithearna i gCúige Laighean agus
Cúige na Mumhan le déanaí.
Mar atá le feiceáil anseo, tá buíon gníomhach i gContae an Chláir agus obair thábhachtach déanta acu ach go háirithe in Inis, baile ina bhfuil neart comharthaí atá i mBéarla amháin curtha in airde ag na húdaráis.
Leantar leis an fheachtas fosta i gContaetha Lú, na Mí agus Bhaile Átha Cliath le greamaitheoirí á scaipeadh agus á gcur ansin ar luas lasrach i láthair na huaire. Mar léiriú ar fhorbairtí agus ar dhíogras na Laighneach tá an suíomh Bebo atá cruthaithe ag Ceithearna na cúige sin. Mar aon le teagmháil a dhéanamh le príomhionad na gCeithearna anseo, is féidir le Gaeil Laighean smaointe a roinnt agus beartas a shocrú ar an suíomh Bebo seo. Leanaigí oraibh!
Mar fhocal scoir, tá sé beartaithe ag na Ceithearna greamaitheoir nua a chur ar fáil atá dírithe ar ghníomhaithe sna 26 contae. CEARTAIGH! a bheas scríofa air agus beidh sé le greamú, iontas na n-iontas, ar an iliomad comharthaí Gaeilge ar fud na tíre atá litrithe go mícheart. Níl leithscéal ar bith ag an rialtas comharthaí míchruinne míshlachtmhara a chur in airde agus measann na Ceithearna Coille gur cheart dúinn é seo a léiriú dóibh. Déan teagmháil linn le haghaidh tuilleadh eolais.