Na Ceithearna Féin
RUABHÉIC AN DRAGAIN
24/09/07 18:35 Rannóg: Ar an taobh
Is
léir d'aon duine atá ag leanúint obair na gCeithearn
go bhfuil an-suim agus meas againn ar ghníomhairí
teanga sa Bhreatain Bheag.
Ach cad chuige an spéis seo inár gcairde as Cymru? Mar gur éirigh leo!
Inniu, mar gheall ar dhian-ghníomhaíocht Cymdeithas yr Iaith Gymraeg (Cumann na Breatnaise) agus de bhrí go rabhadar sásta íobairt a dhéanamh, tá gach comhartha bóthair i gCymru dátheangach, déanann gach páiste scoile sa Bhreatain Bheag staidéar ar an Bhreatnais, tá acht measartha láidir acu, tá an ceart ag daoine an Bhreatnais a úsáid sa chúirt, tá stáisiún teilifíse acu... agus d'fhéadaí cur leis an liosta.
Ach conas a d’éirigh leo an stádas suntasach seo a bhaint amach? Anseo thíos tá nasc d'anailís acadúil a thugann léargas cuimsitheach ar stair streachailt phobal na Breatnaise le dhá scór bliain anuas.
A Ghaeil, tugaigí faoi deara!
An gcloiseann sibh Ruabhéic an Dragain?